MHIC DHÃNAILL, Clà ir
This was published in the following publications on 15.12.2023:
Irish Times
This was published in the following publications on 15.12.2023:
Irish Times
MHIC DHÃNAILL - Cláir, Ascal Ard Choluim, Ard Aidhin, Baile Átha Cliath 5.
(Funeral arrangements in English at end of notice)
Imithe ar shlí na fírinne, in aois 94, faoi chúram grámhar na foirne i dTeach Altranais Mount Sackville agus lena clann chroíbhriste mórthimpeall uirthi, tá Cláir Mhic Dhónaill, (née Corr), Acal Ard Choluim, Baile Átha Cliath 5 agus arbh as Iúr Chinn Trá, Co. an Dúin, ó dhúchas di.
Imithe roimpi tá a fear chéile ionúin, Seosamh, a deirfiúracha Máire agus Annie, a gariníon Elena agus céile a mic, Fíona.
Méala mór a bás dá clann Bróna, Fiachra, Bríd, Dara, Ruairí agus Neasa, dá gcéilí siúd Seán, Stephen, Helen, Denise agus Ivar, dá garpháistí Naoise, Ailbhe, Macdara, Roisín, Eithne, Clíona, Éanna, Doireann, Nicolae, Jac, Deirbhle, Cian, Tríona, Jacqueline, Liam, Aisling, agus Fionn, dá singarpháistí Mollaí, Stefan, Darragh, Éabha, Caoimhe, Harper, Oscar, Ruby agus Séimí, dá níanna agus neachta, dá gaolta eile, dá comharsana, dá cúramóirí uilig, dá comrádaithe i Mount Sackville agus dá cairde uilig.
Beidh Cláir á tórramh ina teach cónaithe in Ascal Ard Choluim ar an 15ú Nollaig ó 6.00 i.n. go dtí 8.00 i.n. Céiliúrfar Aifreann na Sochraide i Séipéal Naomh John Vianney, Ardlea Rd., Baile Átha Cliath 5.D05TH79 ag 10.00 r.n. ar an 16ú Nollaig agus déanfar í a adhlacadh taobh le Seosamh i Reilig Fhine Gall, Bóthar Balgriffin díreach ina dhiaidh.
Bláthanna clainne amháin, led’thoil. Sintiús más mian do Research Motor Neuronhttps://www.idonate.ie/cause/rmn
Reposing at home in Ardcollum Avenue on the 15th December from 6.00 pm to 8.00 pm. Requiem Mass will be celebrated in St. John Vianney Church, Ardlea Rd. at 10.00 a.m. on today (Saturday) December 16 and burial with Seosamh in Fingal Cemetery, Balgriffin Rd. immediately afterwards.
Family flowers only please. Donations if desired to Research Motor Neuronhttps://www.idonate.ie/cause/rmn
Funeral mass will be livestreamed at https:// www.churchservices.tv/ardlea
Ar Dheis Dé go raibh a hAnam Dílis
End of content
No more pages to load
Charlotte Morrison
2yrs