Ó hÉalaithe, Tadhg
This was published in the following publications on 11.01.2022:
Irish Times
This was published in the following publications on 11.01.2022:
Irish Times
à hÃalaithe, (Cluain Tarbh agus Cluain Droichead, Chontae Corcaí), (Iar Ard-Rúnaí, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán) an 10ú Eanáir 2022, i ndiaidh tinnis fhada, Tadhg, a fuair bás suaimhneach sa bhaile lena chlann ag tabhairt aire dó. Céile ionmhain Mai (O’Brien), athair grámhar do Nora (Mescal), Patrick (Healy) agus Mary (Hodges). Méala mór a bhás dá chliamhaineacha John agus Darren, dá bhanchliamhain Catherine, dá gharpáistí Aoife, Seán, Conor, Darragh, Eoghan, Shane, Callum, Liam, Cayleigh-May agus Tadhg, dá dheartháireacha céile, dheirfiúracha céile, neachtanna agus nianna, dá ghaolta, dá chomharsana, dá iar-chomhghleacaithe agus dá chairde uilig. Beidh Tadhg á fhaire sa bhaile ar an Déardaoin, an 13ú lá d’Eanáir idir a 5 agus 8 iarnóin. Teach príobháideach taobh amuigh de na huaireanta sin. Aistreofar a chorp go Séipéal Naomh Antóin, Cluain Tarbh ar an Aoine, an 14ú Eanáir, le haghaidh Aifreann Socraide ag meánlae, ag dul ansin go Créamatóiriam Ghlas Naíon le haghaidh seirbhís príobháideach. Is féidir Aifreann na Sochraide a fheiceáil ar shuíomh idirlín an tséipéil: https://stanthonysclontarf.ie/live-feed/ Bláthanna teaghlaigh amháin. Tabhartais, más mian, leis an Irish Cancer Society: https://www.cancer.ie/ways-to-help/donate/donate Iarrtar cloí leis na srianta atá i bhfeidhm i dtaobh géarchéim Covid-19, masc a chaitheamh agus gan lámha a chroitheadh. Tugtar cuireadh dóibh siúd nach féidir leo freastal ar an tsochraid teachtaireacht phearsanta a fhágáil thíos. “I líonta Dé go gcastar sinn”
End of content
No more pages to load