Ó hAILPÍN, Malachy
This was published in the following publications on 28.03.2017:
Irish Times
This was published in the following publications on 28.03.2017:
Irish Times
Ó hAILPÍN Malachy (Cill Mochuda, Baile Átha Cliath) - Márta 28, 2017 go tobann, in Ospidéal Naomh Séamas. Méala mór a bhás dá chéile ionúin Treasa, dá chlann ghrámhar Nóra, Éamonn, Diarmaid, dá ghariníonacha beaga, Ety agus Mia, dá dheartháir Killian agus a dheirfiúr Sheelagh. Tórramh i dTeach Tórraimh Clarkes, Baile Coimín, Cill Mhantáin ar an gCéadaoin 29 Márta óna 6.00pm - 8.00pm. Aifreann na Marbh 11.00 am ar an Déardaoin 30 Márta i Séipéal Muire na Trócaire i mbaile Séipéal na Croise, Baile Coimín. Adhlacadh i Reilig Bhuiríos, Baile Coimín. Bláthanna muintire amháin. Síntiús, más áil, do Naomh Uinseann de Pól (bosca sa séipéal). Ar dheis Dé go raibh a anam.
Ó hAILPÍN, Malachy (Cill Mochuda, Baile Átha Cliath). Cothrom an ama seo bliain ó shoin a cailleadh Malachy. Ba mhaith le Treasa, Nóra, Éamonn agus Diarmaid chomh maith le Killian agus Sheelagh- deartháir agus deirfiúr Mhalachy, buíochas ó chroí a ghabháil leis na cairde go léir a chásaigh a bhás linn; na daoine i ngar is i gcéin a chuir faoi bhrí na guí is an Aifrinn é; an tAthair Caoimhín de Líon, an Msgr Breandán Ó Broin agus an tAthair Dermot Doran a rinne Aifreann na Sochraide a chomhcheiliúradh; na ceoltóirí, léitheoirí agus Muintir Clarke i mBaile Coimín a rinne cúram den tórramh agus den adhlacadh. Tá muid fíor bhuíoch den fhoireann leighis in ospidéal Beacon Renal a bhí ag breathnú i ndiaidh Mhalachy; ár mbuíochas do chriú otharchairr Bhaile Uí Lachnáin agus don fhoireann éigeandála in Ospidéal Naomh Séamas. Is mór againn an tacaíocht chaoithiúil a fuair muid ón ár ngaolta, cairde agus comharsana i rith na bliana seo atá caite. Go gcúití Dia bhur gcinealtas libh. Ofráladh an tAifreann Naofa ar bhur son.
End of content
No more pages to load