UÍ MHIANÁIN, Róis
This was published in the following publications on 31.03.2023:
Irish Times
This was published in the following publications on 31.03.2023:
Irish Times
UÍ MHIANÁIN - Róis (née Ní Dhúill), Cúirt Joyce, Doire Cholm Cille (agus roimhe sin, Gaoth Dobhair agus Baile Átha Cliath), baintreach Phroinsias Uí Mhianáin, a fuair bás ar 26 Feabhra 2023. Ba mhaith le clann Róis, Pádraig, Róisín, Nóirín agus Gearalt, i nDoire agus i gConamara, agus lena teaghlach uilig, buíochas ó chroí a thabhairt d'achan duine a rinne comhbhrón leofa ina mbris, agus a chuir cártaí Aifrinn agus teachtaireachtaí comhbhróin chucu. Buíochas ar leith leis an Athair John Farren, ceiliúraí an Aifrinn; agus leis na comhcheiliúraithe, iarShagart Paróiste Ghaoth Dobhair, an tAthair Pádraig Ó Baoighill, an tAthair Art Ó Raghallaigh agus an tAthair Joseph Gormley. Táimid fíorbhuíoch de na hadhlacóirí, Bradley & McLaughlin; Cór Ghaelscoil na Daróige; agus Cumann Báire Na Magha. Ár mbuíochas ó chroí chomh maith leis an lucht leighis san otharlann agus le achan duine eile a chuidigh linn aire a thabhairt do Róis nuair a bhí sí ag éileamh. Ofrálfar Aifreann buíochais ar bhur son uilig. Léifear Aifreann Cuimhneacháin Míosa ar son anam Róis Dé Domhnaigh, 2 Aibreán 2023 ar 1.15pm i dTeach Pobail Naomh Iósaf, Baile na gCailleach, Doire Cholm Cille (BT48 8NU). Go lonraí solas suthain uirthi.
‘Go dtaga an Nollaig i
gceartlár an tsamhraidh
Go ndéana mé dea-rás
i lár Locha Riach
A’s go bhfása na seamraí i gclárachaibh mo chomhrann
Páirt de do ghrá,
’s ní fhágfaidh sé mo chroidhe.’
End of content
No more pages to load