à DUBHÃIN, Seà n
This was published in the following publications on 07.04.2023:
Irish Times
This was published in the following publications on 07.04.2023:
Irish Times
à DUBHÃIN - Seán (Ráth Fearnáin, Áth Cliath agus Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí) - Agus sinn ag comóradh le grá, Seán, a d’éag bliain ó shin ar an 17 Aibreán, 2022, ba mhaith lena chéile Máire (Waters) agus a chlann, buíochas a gabháil leo siúd uile a tháinig á thorramh agus a d’fhreastail ar an sochraid – gaolta, cairde, comharsain agus a iar chomhghleactaithe sa Roinn Oideachais. Is mór ár mbuíochas dóibh siúd a chur bóthar fada orthu féin chun bheith inár dteannta. Fíor shólás ab ea na cártaí Aifrínn, litreacha agus bláthanna a seoladh, agus na teachtaireachtaí a chuireadh ar líne. Tá focal buíochais speisialta ag dul chuig Muintir Waters, idir óg agus críonna. Gabhaimíd buíochas leis an tAthair Ó Cadhla agus an tAthair Mac Ginneá agus leo siúd ar fad a shaibhrigh an searmanas. Beidh Aifreann Cuimhneacháin bliana Sheáin á cheiliúradh i Séipéal Naomh Uinseann, Baile an Fheirtéaraigh, 16 Aibreán, 2023.
End of content
No more pages to load