LENNON, Charlie
This was published in the following publications on 06.06.2025:
Irish Times
This was published in the following publications on 06.06.2025:
Irish Times
LENNON - Charlie Lennon - Kiltyclogher, Leitrim, An Spidéal Co. na Gaillimhe. Gabhann Síle, bean chéile Charlie, agus a gclann Seán, Donal, Éilís, mar aon
le muintir uile Lennon, buíochas ó chroí le chuile dhuine a thug tacaíocht agus misneach
dúinn nuair a bhásaigh Charlie go tobann cothrom an ama seo anuraidh. Gabhann muid
buíochas lena ghaolta agus lena chairde a tháinig i bhfad ó bhaile chuig an tórramh agus
Aifreann na sochraide. Ár mbuíochas freisin le scoth na gceoltóirí a chas go croíúil ag an
searmanas. Go gcúití Dia a saothar leis na sagairt a léigh Aifreann na sochraide agus le Cór
na Croise Naofa a chan iomainn as Aifreann Chaomhán, saothar a chum Charlie féin. Tá muid
faoi chomaoin ag lucht leighis Ospidéal na Gaillimhe a chaith go lách cinéalta le Charlie ar
uair a bháis. Do na stiúrthóirí sochraide a bhreathnaigh i ndiaidh na sochraide agus an dream
a rinne an uaigh, ba mhór linn a gcinéaltas, treoir agus íogaireacht ar chuile bhealach. Dóibh
siúd a chur teachtaireachtaí ar líne, litreacha agus cártaí aifrinn chugainn, ba mhór a chuaigh
bhur dtacaíocht chun tairbhe dúinn agus muid faoi ualach bróin. Go bhfága Dia bhur sláinte
agaibh. Ofrálfar Aifreann buíochais ar bhur son.
Moladh go Deo le Dia.
End of content
No more pages to load