Ó MIANÁIN, Proinsias

This was published in the following publications on 07.10.2016:
Irish Times

Ó MIANÁIN, Proinsias, Doire Cholm Cille, a fuair bás ar 8 Meán Fómhair 2016. Ba mhaith le Róis, bean chéile Phroinsias, lena gclann i nDoire agus i gConamara, agus leis an teaghlach uilig buíochas ó chroí a thabhairt d'achan duine a rinne comhbhrón leofa ina mbris agus a chuir cártaí Aifrinn agus teachtaireachtaí comhbhróin chucu. Buíochas ar leith leis an Athair Art Ó Raghallaigh, ceiliúraí an Aifrinn; an tAthair Oilibhéar Ó Croiligh, comhcheiliúraí; an tAthair Brown, Baile Mhic Rabhartaigh; Cór an Aifrinn Ghaeilge; na hadhlacóirí, Bradley agus McLaughlin; agus iománaithe Na Magha a rinne garda onóra do Phroinsias taobh amuigh de Theach an Phobail. Go gcúití Dia a gcúram agus a gcineáltas leofa sin a chuidigh linn aire a thabhairt do Phroinsias nuair a bhí sé ag éileamh: ár gcairde agus ár ndaoine muinteartha; Ionad Sláinte Aberfoyle; Barda 41 agus 42, Otharlann Allt na nGealbhan; Marion Doherty; Mairéad Quinn; Glen Caring; North West Care; Cumann Alzheimer; agus an Churches Trust. Ofrálfar Aifreann buíochais ar bhur son. Léifear Aifreann Cuimhneacháin Míosa ar son anam Phroinsias Dé Domhnaigh, 9 Deireadh Fómhair ar 12.30 p.m. i dteach pobail Thearmann na mBacach, an Bóthar Theas, Doire Cholm Cille."Atáid triúr, ón atáid triúr
adhras go díleas Rí na nDúl,
Brighid, Pádraig, is Colum caomh,
taobh re taobh insan Dún."

Beach

Write a greeting

You can add a video, upload an image or light a candle.

Please enter a message

Insert a link from YouTube

You can go to a video on YouTube, copy the URL and paste it in the box below.

The video will be displayed on your comment, allowing others to play it.

Please insert a link from YouTube

FileName

Please upload an image
Select file from your computer or drag and drop it here.
The file size must not exceed 8 MB and must be one of the following formats: .jpg,.jpeg,.png,.gif
Please select a candle

Get notified

Enter your email below if you would like to be notified when a greeting is posted on this memorial page.

End of content

No more pages to load