Ó DOCHARTAIGH, Bríd
This was published in the following publications on 22.06.2018:
Irish Times
This was published in the following publications on 22.06.2018:
Irish Times
Ó DOCHARTAIGH, An Dr. Bríd, (Docteur de l'Université, Sorbonne), 14.06.1919 - 19.06.2018. An tSiúr Dáibhidh le Muire (David), tráth, in Ord San Lughaidh. Fuair Bríd bás go suaimhneach in Ospidéal Naomh Uinseann ina céadú bliain, tar éis tinnis ghairid. Bhí grá domhain ag a teaghlach sínte di, agus ag a cairde, a h-iarscoláirí, agus a comhghleacaithe i gColáiste Phádraig, Má Nuad, (áit a raibh sí ina léachtóir idir 1971-1988), san Aontas Eorpach i Strasbourg, agus in Ord San Lughaidh. Bhí grá agus gean aici dá tuismitheoirí: Seosamh Ó Dochartaigh, (T.D., i dTuaisceart Dhún na nGall, ball de chéad Dáil Éireann 1919, agus Seanadóir), agus an Dr. Mairghéad Uí Dhochartaigh (née Irvine). Ba iad a deirfiúracha: an Dr. Fíona O'Callaghan, an Dr. Roisín McCallum, an tSiúr Deirdre, agus a deartháir David O'Docherty. Tá said uile imithe ar Shlí na Fírinne. Is méala mór a bás dá neachtanna agus dá nia: Annabel agus Michael O'Docherty ; Michael, Joseph agus Bryan O'Callaghan; Andrew, James agus Richard McCallum, Clare Prost agus Fíona Dutweiler ; dá deirfiúracha céile: Jane agus Gail O'Docherty, agus dá muintir ionmhain uile. Suimhneas síoraí tabhair di, a Thiarna Beidh Bríd á tórramh i dteach tórraimh Fanagans i Sráid Aungier idir 13.00 go dtí Léifear Aifreann na Sochraide Dé Céadaoin, 27.06.2018, ag a 11.00 i Séipéal an Chroí Ró-Naofa i Domhnach Broc, B.Á.C. 4. Créamadh ina dhiaidh sin i Mt. Jerome. Iarrtar ar dhaoine gan bláthanna a thabhairt , ach deontas a thabhairt más mian do Trócaire nó do Peter McVerry Trust.I líonta Dé go gcastar sinn.
End of content
No more pages to load
7yrs