McGARRY, Tony and Bridie
This was published in the following publications on 18.03.2026:
Irish Times
This was published in the following publications on 18.03.2026:
Irish Times
McGARRY - Cailleadh Tony agus Bridie McGarry as Cill Ala i dtús na bliana seo caite. Tá a gclann mac Dara agus Fiachra, deartháireacha Micheál agus Seosamh, deirfiúr Filimín, agus a ngaolta thar a bheith buíoch díobh siúd ar fad a rinne comhbhrón linn ar ócáid a mbás. Tá muid faoi chomaoin ag na daoine a tháinig ag an dá shochraid. Fuair muid cártaí, litreacha agus teachaireachtaí ó dhaoine nach raibh sé ar a gcumas a theacht chomh fada linn. Tháinig cúnamh óna gcomharsana, a gcomhghleacaithe agus a gcairde. Tá muid buíoch díobh siúd a deagraigh garda onóra don dá ócáid agus de na daoine a dfhoilsigh dréachta molta sna nuachtáin áitiúla. Tá ár mbuíochas tuillte ag na sagairt a rinne ceiliúradh ar na hAifrinn. Mhol an tAthair Harrison, cara mór leo, obair na beirte leis an bpobal áitiúil. Chuir cór an pharóiste go mór le sollúntacht na nAifreann. Tá an-mheas againn ar na foirne a chuir cóir leighis ar Tony sna hospidéil i gCaisleán an Bharraigh, i mBéal an Mhuirthead agus i nGaillimh. Fuair sé an-chúram in Óispís Mhaigh Eo agus é ag fáil bháis. Láimhsigh stiúrthóir sochraide Lynn na socruithe le dínit agus le gairmiúlacht.Níl sé ar ár gcumas buíochas pearsanta a ghabháil le chuile dhuine a thug sólás dúinn. Tá súil againn go nglacann sibh ar fad leis an bhfógra buíochais seo.
Airíonn muid uainn go mór
Tony agus Bridie.
Go ndéana Dia trócaire orthu
End of content
No more pages to load