BIRTILL, Tony
This was published in the following publications on 03.11.2021:
Irish Times
This was published in the following publications on 03.11.2021:
Irish Times
BIRTILL - Tony (Anton), (Learpholl agus Gleann Cholm Cille) ar an 22ú Deireadh Fomhair 2021. Cúis mhór bróin a bhás dá chlann, dá mhac Liam, dá bhean chéile Grace, dá dheirfiúracha Mary, Sheila agus Angie, dá dheartháireacha John agus Paul,
do mháthair Liam - Liz, dá ghaolta agus dá chairde dílis. Ar Dheis Dé go raibh a anam dílis. Beidh Tony á fhaire ina theach cónaithe ó 4.00pm go 8.00pm Dé Domhnaigh 7ú
Samhain. Ceiliúrfar Aifreann Shocraide Tony i Séipéal na Sacraiminte Ró Naofa, (Blessed Sacrament Church), Walton Vale, Learpholl ag 9.30am Dé Luain, 8ú Samhain agus déanfar é a adhlacadh i Reilig Bootle i ndiaidh an Aifrinn.
Is féidir leo siúd nach mbeidh ar a gcumas a bheith i láthair, páirt a ghlacadh ar an suíomh idirlín www.blessedsacrament.co.uk Iarrtar ar dhaoine gan bláthanna a thabhairt, ach crann dúchasach a chur ar
a shon, nó siúlóid a dhéanamh ar chnoc ina chuimhne, nó síntiús a thabhairt d'Oispís Woodlands, Fazakerley, Learpholl.
Ní imithe uainn, ach romhainn,
Beidh Tony inár gcroíthe go deo.
End of content
No more pages to load
4yrs
4yrs
4yrs
4yrs
4yrs