Ó BROIMÉIL, Éamonn
This was published in the following publications on 26.07.2022:
Irish Times
This was published in the following publications on 26.07.2022:
Irish Times
Ó BROIMÉIL, Éamonn (Baile Uí Cheallaigh, Sionna, Co. an Chláir, agus Luimneach) - 26 Iúil 2022, 52 bliain d’aois. Iar-phríomhoide Ghaelscoil Dhonncha Rua, Sionna, léiritheoir ceoil Stiúideo Hazelgate, agus ball den bhanna The Speks. Go síochánta faoi chúram an lucht leighis in Oispís Milford, Luimneach i ndiaidh tinneas ghairid le hailse a fhulaingt go misniúil. Mac ionúin Áine agus Tony nach maireann, agus deartháir dílis Declan nach maireann. Briseadh tubaisteach é dá dheirfiúracha croíbhriste Úna agus Fionnuala, dá chliamhain Con, Máiréad agus Ultan, dá nianna agus neachtanna Éanna, Conor, Áine, Eva, Ailbhe, agus Oisín, dá ghaolta, dá chomhcheoltóirí agus dá cháirde dílse. Ceoltóir agus cumadóir soilseach agus spleodrach, leasathair dílis ar feadh na mblianta – fear aigeanta, grámhar, spraíúil. Beidh Éamonn á dtórramh i dteach a déarféar Fionnuala, An Páirtín tráthnóna Déardaoin 28ú Iúil 4-7in do lucht iarrtha amháin. Léifear Aifreann na Marbh Dé hAoine 29ú Iúil 11.00 rn i Séipéal na Coróineach Naofa, Bóthar na hInse, Luimneach agus beoshruth ar fáil ar ghréasán an pharóiste. Rachaidh an tsochraid ina dhiaidh sin go Créamatóiriam na Sionna. ‘Ó scaoileadh uainn an buachaill beo’
End of content
No more pages to load