Ó BROIMÉIL, Declan
This was published in the following publications on 22.12.2020:
Irish Times
This was published in the following publications on 22.12.2020:
Irish Times
à BROIMÃIL, Declan. Ascal Ashbourne, Luimneach. 21ú Mí na Nollag 2020, 56 bliain d’aois. Múinteoir i Scoil Catherine McAuley agus Scoil Rince Uí Ruairc agus roimhe sin i scoil Corpus Christi, Luimneach. Go síochánta sa bhaile i ndiaidh tinneas ghairid a fhulaingt go cróga, misniúil, dóchasach. Céile ionúin Mairéad (Hayden) agus athair mhorálach Áine, Eva, agus Ailbhe. Mac Áine agus Tony, nach maireann. Áireofar choíche é óna chlann, a dheartháir Éamonn, a dheirfiúracha Úna agus Fionnuala agus a gclainnte, máthair agus athair a chéile Peggy agus Philip, a dheirfiúir chéile Mary agus a clann, a dheartháireacha céile agus a gclainnte, a ghaolta, chomhleacaithe, daltaí, agus a cháirde dílse. Múinteoir, ceoltóir, léiritheoir, cumadóir agus snámhaí mara as an ngnáth – fear álainn, cróga, misniúil. ‘Thugamar féin an samhradh linn.’ Léifear Aifreann na Marbh i Séipéal na Coróineach Mhuire, Bóthar na hInse, Luimneach ar an Déardaoin 24ú Nollaig ag 11 i.n. agus craolfar beo é ar ghréasán an pharóiste. Sochraid ina dhiaidh sin go Créamatóir na Sionna. Bláthanna clainne amháin le bhúr dtoil ach is féidir deontaisí a sheoladh chuig Ionad Chúraim Milford más mian. (ar líne). Fágfaidh sochraid Declan a theach Déardaoin ag 10.30 i.n. Lean treoracha reatha le bhúr dtoil. Tórramh príomháideach sa bhaile. www.griffinfunerals.com
End of content
No more pages to load