MacCRAITH, Seoirse
This was published in the following publications on 18.03.2015:
Irish Times
This was published in the following publications on 18.03.2015:
Irish Times
MacCRAITH Seoirse (Carraig an tSionnaigh, Corcaigh ó dhúchas agus iar-UCD), 18ú Márta, 2015, (go síochánta) in Ospís Mhuire, Crois Araild. Céile ionúin Mhairéad a cailleadh le déanaí agus deartháir le Pádraig nach maireann. Méala mór a bhás dá iníonacha Deirbhile, Ciara, Aisling agus Emer, dá mhic Eoin, Dara, Colm agus Fiachra, dá dheartháir Ron (An tAthair Didacus), dá dheirfiúracha Marguerite agus Mary Rose, dá gharpháistí agus do chéilí a chlainne, Tony, Marie, Laura, Selene agus Bridget. Aistreofar a chorp inniu (Déardaoin) 19ú Márta ó Theach Tórraimh Collier i mBré, chun Séipéal Mháthair na Síorchabhrach a shroicheadh ag 5.00in. Cuirfear i Reilig Sheangánach é i ndiaidh Aifreann na Sochraide ag 10.00 Dé hAoine, 20ú Márta. Bláthanna teaghlaigh amháin. Síntiúis, más mian le daoine iad a thabhairt, chuig Ospís Mhuire, Crois Araild. Ar dheis Dé go raibh a anam dílis
End of content
No more pages to load