Ó COIGLIGH, Séamus, S amus
This was published in the following publications on 16.09.2010:
Irish Times
This was published in the following publications on 16.09.2010:
Irish Times
Ó COIGLIGH, Séamus (Bóthar Wilton, Corcaigh) - 14 Meán Fómhair 2010, ina 95ú bliain, a fuair cúram den scoth ón bhfoireann i dTigh Bhanaltrais Chúirt an Easpaig (scoláire, agus iar-oifigeach le Bardas Chorcaí), fear céile ionúin Christina nach maireann, agus athair Éadaoine (Uí Bhriain ,An Bhruiséil) agus Choilm (Loch Garman) a raibh grá mór acu dó. Méala mór a bhás dá chlann ionúin, dá dheirfiúr Alice, do chlann a chlainne Martin, Naoise, Stephen, Maeve, Sinéad, agus Eoghan, dá chliamhain Ronan, dá bhanchliamhain Mary Frances, dá nianna Finbarr agus Seán, dá neacht Anna, dá ghaolta is dá chairde. Á thórramh i dTigh Tórraimh Jeremiah Uí Chonchúir, Bóthar an tSáirséalaigh, ó 11 r.n. inniu, Dé hAoine. Aistreofar a chorp ag 7.00 i.n. go Séipéal an Spioraid Naoimh, Crosaire Uí Dhuineacha. Beidh Aifreann na Sochraide ar siúl amárach, Dé Sathairn, ag 10 r.n., leis an adhlacadh ina dhiaidh sin ag Reilig Naomh Oilibhéar, Bóthar na Módhfheirme, Corcaigh. Ar dheis de go raibh a anam.
End of content
No more pages to load