O DUBHGHAILL
This was published in the following publications on 18.11.2009:
Irish Times
This was published in the following publications on 18.11.2009:
Irish Times
O DUBHGHAILL (Aodán J.) [ Ráth Éanna & Ráth Garbh] Fostaí tráth de chuid Met Éireann, P&T, & an Lár Oifig Staidrimh. 16ú Samhain 2009 i ndiaidh géarthinnis a d'fhulaing sé go cróga. Mac le JJ agus Kitty nach maireann, céile cléibhe le Breeda le 46 bliana anuas, athair ionmhain d'Aobhnait, Ruaidhrí, Eithne, Caoimhe, Róisín agus Niamh: deartháir dílis don tSiúr Eithne [Siúracha na Carthanachta], Daideó caoin do Shaoirse agus d'Aisling, athair céile do Niall. Mustapha agus Wayne. Méala mór a bhás dá chlann chroí briste - deartháireacha agus deirfiúracha céile, nianna is neachtanna, gaolta, comharsana is a chairde uile. Aistreofar a chorp ó theach tórraimh Lanigan, Br. Beaumont, go Séipéal N. Eoin Soiscéalaí, Cill Bharróg , tráthnóna Déardaoin 19ú Samhain ar a 5 a chlog. Aifreann na Marbh ar an Aoine 20ú Samhain ar a 10 a chlog, ag dul go reilig Ghlas Naíon ina dhiaidh. Bláthanna clainne amháin. Síntiúis más mian, i gcuimhne Aodáin, d'Ospidéal Stewart, ar mhaithe le daoine le míchumas intleachta
End of content
No more pages to load