Ó HANNRACHÁIN, Gertie, Fachtna

This was published in the following publications on 26.03.2010:
Irish Times

Ó HANNRACHÁIN (Gertie agus Fachtna) - Ba mhaith le clann iníon Gertie agus Fachtna, Páirc Richelieu, Droichead na Dothra, Baile Átha Cliath, a cailleadh ar 13 Samhain 2009 agus ar 27 Eanáir 2010 faoi seach, buíochas a ghabháil leo siúd ar fad a dhein comhbhrón leo ar ócáid a mbásanna. Gabhaimid buíochas ó chroí leo siúd a sheol Cártaí Aifrinn, fleasca agus bláthanna, litreacha agus teachtaireachtaí comhbhróin chugainn. Ba mhaith linn chomh maith ár mbuíochas a ghabháil le gaolta, le cairde de chuid na clainne, le comharsana, le hiarchomhghleacaithe agus go háirithe leo siúd a chuir turas fada díobh agus a bhí i láthair nuair a tugadh coirp Gertie agus Fachtna chun an tséipéil agus ag Aifrinntí na sochraidí - ba mhór againn é go raibh sibh in ár dteannta. Is mian linn chomh maith ár mbuíochas a ghabháil le Stiúrthóir agus le Foireann Theach Altranais Mount Tabor, Dumhach Thrá, as a gcineáltas agus as an aire a thugadar do Gertie le linn a tréimhse breoiteachta; leis na Gardaí, leis an dochtúir agus le criú an otharchairr a d'fhreastail ar Fhachtna an lá a cailleadh é; leis an Dr. John Ryan, le cléir pharóiste Bhóthar Muirfean - na hAithreacha Fearghus Ó Conchúir agus Cathal Ó Conghaile - a chuaigh i gcomhar ar bhealach chomh cúirtéiseach sin leis na hAithreacha Mícheál Mac Laifeartaigh, ODC, Nioclás Ó Maidín, ODC, Mairtín Ó Conaire ODC agus leis an Ath. Diarmaid Mac Cárthaigh le linn sheirbhísí na sochraidí; le stiúrthóir agus le baill an chóir Enchiriadis agus leis na ceoltóirí ar fad a thug chun cuimhne beo le linn na n-Aifrinntí fíorbháidh Gertie agus Fachtna leis an gceol. Gabhaimid leis ár mbuíochas le Muintir Chiardhubháin - Stiúrthóirí Sochraide - a chinntigh gur cuireadh imeachtaí na sochraidí, an dá chreimeadh agus an dá adhlacadh i gcrích ar bhealach éifeachtach, íogair. Ofrálfar Naomhíobairt an Aifrinn ar son bhur n-intinní.

Beach

Write a greeting

You can add a video, upload an image or light a candle.

Please enter a message

Insert a link from YouTube

You can go to a video on YouTube, copy the URL and paste it in the box below.

The video will be displayed on your comment, allowing others to play it.

Please insert a link from YouTube

FileName

Please upload an image
Select file from your computer or drag and drop it here.
The file size must not exceed 8 MB and must be one of the following formats: .jpg,.jpeg,.png,.gif
Please select a candle

Get notified

Enter your email below if you would like to be notified when a greeting is posted on this memorial page.

End of content

No more pages to load