Ó DUBHDA, Eoin
This was published in the following publications on 14.05.2011:
Irish Times
This was published in the following publications on 14.05.2011:
Irish Times
Ó DUBHDA (An Charraig Dhubh, Co. Bhaile Átha Cliath) (iarbhall den LDF agus ball bunaidh de Chathlán an Phiarsaigh, FCA) - 11 Bealtaine, 2011, go síochánta in Ospidéal Naomh Mícheál, Dún Laoghaire, Eoin (Jack) M, fear céile ionúin Nóra, nach maireann, athair ansa David, Ann, Olwen, Marie agus John. Méala mór a bhás dá chlann, dá gharpháistí, Eoin, Deirdre, Georgia, Paul, Emmajane, Jack, Holly, Rebecca, Mark, Adam, David agus Peter, d'fhir chéile a chlann iníon John Higgins, John Bissett agus Paddy Butler, agus do mhná céile a chlann mhac Christina agus Ann, dá dheartháir céile Georges, agus dá dheirfiúr céile, Marie, an foireann san Aclare House agus dá chairde agus dá ghaolta iomadúla. Cuimhnímid freisin ar a gharmhac, Colm, nach maireann. Beidh se á fhaire ina theacht chónaithe ó 4 go 7 i.n. Dé Domhnaigh. Tabharafar a chorp go dtí Eaglais Naomh Muire na Buanfhortachta, Carraig an tSionnaigh, Dé Luain, ag sroichint an tséipéil ag 9.50 r.n. i gcomhair aifreann na sochraide ag 10.00. Sochraid ina dhiaidh sin go Reilig Sheangánaí. Iarrtar bláthanna ón teaghlach amháin. Fiosrúcháin: Quinn's, Glas Tuathail, Teil. 01 2806756.
End of content
No more pages to load