Ó CINNÉIDE
This was published in the following publications on 28.12.2006:
Irish Times
This was published in the following publications on 28.12.2006:
Irish Times
Ó CINNÉIDE (Ros Cré, Co Thiobraid Árainn agus Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí) - Lá Fhéile Stiofáin 2006. D'éag Muiris, Iar-Árd-Mháistir, Gairm Scoil Ros Cré (go suaimhneach, ina theach cónaithe, i gcuideachta a chlann, taréis tréimhse fada breóiteachta a fhulaing sé le dea-fhonn, le hárd-mhisneach, agus le diognáid), fear chéile ionúin, Mai, agus athair bródúil Fionnuala, Bairbre, Feargal, Meabh, Conal agus Aoife, deartháir Síghle; agus Caitlín, Máirín, Dónal, Caoimhín, Jack agus Lily Mai (nach maireann); athair-críonna grámhar Rob, Scott, Cillian, Lara agus Ella. Méala mór a bhás dá chlann uile, dá ghaolta, dá cháirde go léir agus dá chomharsain. Tógfar a chorp ó theach tóraimh Uí Mheachair, Ros Cré go hEaglais Naomh Crónán, Ros Cré ar an Déardaoin, 28ú Lá Nollaig ag a 5 a chlog. Taréis Aifreann na hAiseirí ar a 10 a chlog Dé hAoine, 29ú lá Nollaig, cuirfear a chorp sa Reilig atá tadhlach leis an Eaglais. Ba mhaith le Muiris go dtabhairfaí deóntas in ionad bláthanna do Ospáis Thiobraid Árainn Thuaidh, a thug sár aire dó le linn a bhreóiteacht."Táimse im' chodhladh, 's ná dúistear mé".
End of content
No more pages to load