Ó HEOCHAIDH
This was published in the following publications on 14.06.2006:
Irish Times
This was published in the following publications on 14.06.2006:
Irish Times
Ó HEOCHAIDH (Abbeville, Ceann Sáile, Co. Átha Cliath) (iarThaoiseach agus iarCheannaire Fhianna Fáil) - 13 Meitheamh, 2006, go suaimhneach sa bhaile (faoi fhíor-chaoinchúram a theaghlaigh), tar éis tinnis fhada a d'fhulaing sé go misniúil, Cathal S.; céile ionúin Maureen agus deartháir Pháraic, Bridie agus Eithne (nach maireann); méala mór a bhás dá chéile ionúin, dá iníon Eimear (Mulhern), dá thriúr mac Conor, Ciarán agus Seán, dá dheartháireacha Seán agus an tAth. Eoghan, dá dheirfiúr Maureen, do chéile a iníne, do chéilí a mhac, dá chlann clainne, dá ghaolta agus dá chairde uile. Suaimhneas síoraí dá anam. Ina luí i séipéal na marbh, Eaglais Mhuire an tSóláis, Domhnach Cearna, amárach (Déardaoin) ó 11.30a.m. go 4.00p.m. Tabharfar a chorp ó shéipéal na marbh go dtí príomhdhoras na heaglaise amárach (Déardaoin) ar 5.00p.m. Sochraid Dé hAoine i ndiaidh Aifreann 12.00 meán lae go Reilig Naomh Fionntan, Cill Fhionntain. Bláthanna óna mhuintir amháin. Tabhartais, más mian, d'Ospís Naomh Proinsias, Ráth Eanaigh, nó do Chumann Ailse na hÉireann.
End of content
No more pages to load