BUDHLAEIR, Muiris
This was published in the following publications on 30.06.2010:
Irish Times
This was published in the following publications on 30.06.2010:
Irish Times
BUDHLAEIR Muiris (An Rinn, Dún Garbhán agus Fearann, Baile 'n Fheirtéaraigh, Co. Chiarrai) a fuair bás 2ra lá Iúil 2009, Cuimhneacháin bliana. Ba mhaith len a dhreifiúr Cáit Costello (Trá-Lí), Jim Roche fear céile a dhreifiúr Bernie nach maireann, nianna, neachteanna agus gaolta uilig Mhuiris ár mbuíochas ó chroí a ghabháil le gach aon duine a dhein comhbhrón linn, a tháinig go dtí a shochraid agus a sheol cartaí Aifrinn. Ár mbuíochas do mhuintir na Rinne, an Sean Phobal agus Dún Garbhán a thug cuairt ar Mhuiris i dtigh banaltrais Care Choice. Taimid fíor bhuíoch dá chara 's a chomhmhúinteoir Máire a thug cuairt go minic air is gur bhain sé an-sásamh as an mbothantaíocht ann. Ár míle buíochas d'fhoireann oibre díograiseach Care Choice a thug togha na haire agus leigheas dó maraon leis na doctuirí a fhreastal air. Míle buíochas den líon mór daoine a dhein comhbhrón linn i dtigh Tóraimh i Chadhla i nDún Garbhán agus i seipéal San Nioclás sa Rinn - muintir na Rinne, an Sean Phobal, Dún Garbhán, a chomhmhúinteoirí, iarscolairí agus éinne a thaisteal turas fada. Gabhaimid buíochas ó chroí d'fhoireann oibre uilig Choláiste na Rinne agus Scoil na Leanaí a chur cóir bídh orainn taréis na sochraide. Go raibh maith agaibh as an ngarda onórach omósach ar a shon. Don gcléir a bhí i lathair do na sochraidí - ár mbuíochas. An t-Ath. Ó Ceallaigh S.P., An t-Ath. O'Cuilleáin S.P., An t-Ath. Seán O'Cadhla S.P., agus An t-Ath. Míchael Enright P.E. a bhí sa Rinn. An t-Ath. Eoghan O'Cadhla S.P. ar an mBuailtín maraon leis an t-Ath. Ó h-Icí agus an Monsignor Ó Mainnín. Dóibh siúd a chabhraigh in aon tslí leis an tAifreann sa Rinn 's ar an mBuailtín maraon leis an ngarda onórach ó bhaill ceard chumann na múinteoirí go dtín reilig - ár mbuíochas. Beidh cuimhne again go deo ar an gcanadh i nDún Úrlann ag Anne Mulqueen agus Muintir Uí Chéilleachair. Ár mbuíochas do Dhaithi Ó Cadhla adhlacóir a phléigh do díograiseach, omósach le gach gné den tsochraid sa Rinn, i dTrá-Lí 's ar an mBuailtín. Déanfar Aifreann a cheiliúradh do bhúr n-intinní speisialta agus mar bhuíochas díbh i mBaile 'n Fheirteáraigh ar an Aoine 2rd lá dIuíl ar a 8 a chlog. "Suaimhneas sioraí dá anam
uasal gaelach dílis".
End of content
No more pages to load