de BHALDRAITHE
This was published in the following publications on 27.12.2008:
Irish Times
This was published in the following publications on 27.12.2008:
Irish Times
de BHALDRAITHE (Baile Átha Cliath agus Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir) - Pádraig de Bhaldraithe, abhcóide, cruicéadaí idirnáisiúnta; saolaíodh 5 Feabhra 1917 i Luimneach, d'éag 26 Nollaig 2008 in Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann, Baile Átha Cliath, céile Nóirín (Ní Dhuarcáin) nach maireann, athair Phádraig, John agus Rónáin; seanathair Aoife agus Dhiarmuid, uncail Pat de Bhaldraithe agus Antoin Daltún; méala mór a bhás freisin do Siobhán Byrne, dá ghaolta eile agus dá chairde. Go ndéana Dia trócaire ar a anam. Tabharfar a chorp ó Theach Sochraide Fanagans, Sráid Áinséir, ar 4.30 i.n. tráthnóna Dé Luain ag sroichint Séipéal an Ainm Naofa, Ascaill Choill na bhFeá ar 5 i.n. Sochraid go Reilig Ghráinseach an Déin, Dé Máirt tar éis Aifreann a 11 r.n. Iarrtar gan bláthanna a chur.
End of content
No more pages to load