Ó'MUIR 201
This was published in the following publications on 10.07.2006:
Irish Times
This was published in the following publications on 10.07.2006:
Irish Times
Ó'MUIRÉ (Séamus) (Baile Átha Buí, An Droichead Nua agus Teampall Doire) - 8ú Júil 2006, go suaimhneach ag St Elizabeth's Nursing Home. Fear chéile grámhar Éilis nach maireann, athair Óráin nach maireann, agus athair Thuathail, Bhairbre (O'Neill), Louise (Mhic Aogáin) agus Nóra (Cahill). Méala mór a bhás freisin dá dheartháir John, deirfiúracha céile Bríd, Eileen, Márta agus Maelíosa, dá chlann clainne agus dá chliamhain, dá neachtanna agus dá nianna, do Claire a thug aire íontach dó, dá ghaolta agus dá chairde. Ar dheis Dé go raibh a anam. Á thóramh ag teach a iníon Louise i mBaile Átha Buí inniu ó mheánlae. Tógfar a chorp anocht (Luan) go dtí Séipéal Paróiste Naomh Shéamuis i mBaile Átha Buí, dá shroichint ag 7 a' chlog. Aifreann na marbh ag meánlae Dé Máirt i gCill Mhuire ar an Droichead Nua, agus sochraid ina dhiaidh go dtí Reilig an Droichid Nua. Bláthanna on gclann amháin; deontaisí ag Cumann Asma nÉireann.
End of content
No more pages to load