O BUACHALLA
This was published in the following publications on 09.09.2006:
Irish Times
This was published in the following publications on 09.09.2006:
Irish Times
O BUACHALLA (Dónal) (Baile Átha Cliath agus Baile Mhúirne) (a cailleadh ar an 7ú lá de Mean Fomhair, 2005) - Gabhann a bean Síle, a mic Liam agus Dónal agus a h-íníni Síle (Uí Mhuíneacháin) agus Aoife (Níchearúill) buíochas do gach éinne a dhein comhbhrón linn agus a bhí mar thaca dhúinn nuair a fuair Dónal dílis bás. Ár mbuíochas do gach éinne a tháinic go dtí ár dteach - go mór mhór dóibh a dhein turas fada - as a gchómhbhrón agus a gcabhair. Bhí sé de phríbhléid againn go raibh Dónal ag baile an oiread sin ama le linn a laethanta deireannacha. Níor dhein sé aon ghéaran, ní raibh focal searbh as: othar dea-shamplach gan aon dabt. Buíochas freisin don bhanaltra ó Caring for the Elderly agus ó A.C.T.S., agus don An Dochtuir Maire Ó Déin agus a cabhróin an Ospuidéal Royal, An Domhnach Broc. Ba Mhór an rud é go raibh siad san ar fáil gach uair agus ar uair na prainne: go raibh maith agaibh go léir. Táimíd buíoch, freisin, faoi gur thaispeán Dónal dúinn chonas maireachtáil go h-árdnósach, duine níos fearr níor sheas riamh i mbrógaibh. Is minic a dúirt sé go raibh saol sona agus beannaithe aige a diarr sé go mbeadh Aifreann buíochas i-ndiaidh a bháis, chun buíochas a ghabháil do Dhia. Buíochas uainn, maraon, don Athair Éanna Ní Uisce C.S.Sp., a léigh Aifreann na Marbh, agus do na sagairt seo leanas: Seán O Guiní S.J., Brian Mac Giolla Bhríde C.S.Sp., Máirtín O Nualláin O.S.A., Pádraig Ó Cairbre S.J., Pádraig Ó Luasaigh O.P., Tomás O Cuana O.S.A., Cathal O Dáibhi S.J., Nollaig Barber S.J., Pádraig Ó Maolómhair C.S.Sp. - agus do shagairt an pharóisde, Pádraig Ó Cearúil P.P. agus Deaglán Ó Gallchóir C.C. a chabhraigh go mór linn. Bhí morán carad ag Dónal ins na mna rialta: Dominiceánacha, Siúracha Mhuire na Carthanachta, na gCáirmilliteach, Mhuire Reparatrice agus Naoimh Terasa. Bhí daoiní ag agus níor fhéadamar ceart buíochas a sheoladh chúcha (gas seóladh, gan aon aimn scriobhtha s.r.l) gabh ár mbuíochas anois agus maith dhúinn an mhioll. Buíochas mór freisin don Easbog Réamann Ó Beoláin ó Kansas a leigh Aifreann na Míosa in éineacht le Donncha Ó Riain P.P., Seán O Gúini S.J., Séamus mac Gearailt S.J. agus Proinsias Ó Seachnasaigh O.S.A., agus fós don amhránaí Peadar Ó Briain a bhí ar fheabhas ar an dá ocaid. Léadg an t-Aifreann ar son gach éine luaithe thuas. Beannachtaí Dé oraibh go léir.
End of content
No more pages to load