MÉALÓID
This was published in the following publications on 26.04.2008:
Irish Times
This was published in the following publications on 26.04.2008:
Irish Times
MÉALÓID - Is mian linne, muintir Joe, buíochas ó chroí a ghabháil leis na daoine go léir a rinne comhbhrón linn ar a bhás. Fear céile grámhar, athair, seanathair agus deartháir den scoth a bhí ann. Táimid buíoch den aos leighis ar fad, de na banaltraí agus de na hAonaid Athshlánaithe sna hOspidéil Mater, Beaumont, Royal Hospital Domhnach Broc, St Vincent's Private Hospital agus Our Lady's Hospital, An Uaimh faoin aire eisceachtúil phroifisiúnta a thug siad do Joe. Táimid freisin faoi chomaoin ag na hAonaid Phianmhaolaithe as an gCarraig Dhubh, Baile Átha Cliath, as Co. na Mí agus as Co. Chábháin. Tá ár mbuíochas tuillte freisin ag na dochtúirí agus ag na banaltraí áitiúla agus ag gach duine a thug aire dó sa bhaile i Mullach. Táimid buíoch de na sagairt a chuaigh ar cuairt chuige, a thug fóirithint dó agus a bhí inar bhfochair ag Aifreann na Sochraide. Ár míle buíochas freisin do chór an tséipéil a chan na hiomainn chomh foirfe sin. As an gcineáltas agus an tacaíocht bhuan a thug ár gcomharsana agus ár gcairde dúinn, tugaimid buíochas ó chroí dóibh. Gura fada buan iad.
End of content
No more pages to load