Mac GUILL A.S., Séumas
This was published in the following publications on 10.09.2026:
Irish Times
This was published in the following publications on 10.09.2026:
Irish Times
Mac GUILL A.S. -
Séumas A.S. Cuar Bhóthar Theas, B.Á.C. agus Dún Dealgan, Contae Lú roimhe sin Dé Domhnaigh 6ú Meán Fómhair 2026. Go síochánta, in Otharlann Phríobháideach an Mater, agus é tinn ar feadh seal gairid. Athair dílis agus anamchara Conor Kirby Mac Guill. Mór an bhris dá mhac grámhar agus a dheartháir siúd Colm, dá dheirfiúr Eithne, dá chuid deartháireacha Ciarán, Dáire agus Conor, dá aintín, do mhic agus iníonacha a chuid deartháireacha, dá dhaoine muinteartha uilig, dá chomhghleacaithe, agus dá iliomad dlúthchairde. Requiescat In Pace.
Á fhaire ag Teach Tórramh McGeough, Sráid Jocelyn, Dún Dealgan, Co Lú A91 XW66 Dé Sathairn, 12ú Meán Fómhair agus ag Cumann Dlí na hÉireann, Plás Blackhall, D07 VY24 Dé Domhnaigh, 13ú Meán Fómhair ó 1.00in go 4.00in ar an dá lá. Beidh seirbhís tórraimh ann le beatha Shéumais a chéiliúradh Dé Luain 14ú Meán Fómhair ar 4.00in sa tSéipéal Victeoiriach, Reilig Chnoc Jerome, Crois Araild, D6W HY98 agus créamadh ina diaidh. Is féidir breathnú ar an tseirbhís ag an nasc thíos. Ná seol bláthanna le do thoil, ach cuir síntiús más maith leat chuig Irish Red Cross https://donate.redcross.ie/b/my-donation?_cv=1
End of content
No more pages to load