Uí CHANAINN, Áine
This was published in the following publications on 24.08.2021:
Irish Times
This was published in the following publications on 24.08.2021:
Irish Times
Uí CHANAINN, (née Ní Neachtain) Áine (Carraig an tSionnaigh, Baile Átha Cliath 18, ón Spidéal ó dhúchas agus a bhí ina múinteoir i Scoil Lorcáin, Baile na Manach) Domhnach 22 Lúnasa, 2021. Fuair sí bás i gcuideachta a teaghlaigh, théis cúraim ón bhfoireann ag Teach Altranais Ashford, Dún Laoghaire. Bean chéile Aoidh atá básaigh le déanaí agus máthair Órla, Mhíde agus Choilm. Deirfiúir le Peadar, Mary, Maggie, Jude, Máirtín, Bríd, Nóra agus Baib (uilig nach maireann). Méala mór a bás dá clann, dá cliamhaineacha Peter, Laurence agus Margaret, dá garpháistí Hanan, Luán, Iosef, Sadhbh, Éabha agus Fiadh, a deirfiúir Phil agus dá cairde go léir. Suaimhneas síoraí dá hanam uasal. Sochraid príobháideach a bheas ann de bharr na srianta uafásacha seo, ach is féidir páirt a ghlacadh ar líne ag a 11 r.n. Dé hAoine (27 Lúnasa) ach cliceáil ar: https://www.churchservices.tv/foxrock. Is féidir teachtaireachtaí comhbhróin a fhágáil ar www.RIP.ie thíos.
End of content
No more pages to load
4yrs
4yrs
4yrs