Ó CUILINN, Feargal

This was published in the following publications on 27.02.2018:
Irish Times

Ó CUILINN Feargal. Ar an lá seo 52 bliain ó shin, rugadh Feargal Ó Cuilinn. I mí Mheán Fómhair anuraidh, buaileadh Feargal tinn go tobann, agus fuair se bás ar an 13ú Deireadh Fómhair 2017. Ba cailliúint domheasta é a bhás agus tá an briseadh croí dolabhartha. Mar chlann táimid an-bhródúil as saol agus saothar Fheargail. Ba dhuine faoi leith é, ina phearsantacht dhílis agus gheanúil, mar athair, deartháir agus mac. Ina shaol poiblí, táimid an-bhródúil as an méid a rinne sé ag saothrú ar son na Gaeilge. Ba léir ó na sluaite (iad siúd a thaisteal achar áirithe ina measc) a bhailigh ag a thórramh sa bhaile, agus ina dhiaidh sin ag a shochraid, an meas a bhí ag daoine air agus an bealach a chuaigh sé i bhfeidhm orthu siúd a bhuail leis go sóisialta nó i gcaitheamh a chuid oibre. Is mian lena mháthair Bríd, a dheartháir Aonghus, deirfiúracha Deirdre, Fionnghuala agus Bríd; a iníonacha Louise agus Aedín, a máthair siúd Jean, in éineacht lena neachtanna agus nianna, buíochas a ghabháil leis na daoine a thug tacaíocht dóibh thar thréimhse bhreoiteacht agus bhás Fheargail. Don chomhluadar Gaeilge i gcoitinne, agus do na heagraíochtaí éagsúla atá bainteach le forbairt agus cothú na teanga. In earnáil an oideachais: d'fhoireann agus do dhaltaí Gaelscoil Barra (scoil ar chaith sé ocht mbliana déag mar Chathaoirleach uirthi), Coláiste Mhuire, Naoinraí Mológa agus Gaelscoil Mológa. Ár mbuíochas le Ciarán Ó Feinneadha a threoraigh sinn go séimh le linn na sochraide. Do Ghráinne Banks, Mick O'Brien agus na ceoltóiri uilig, a d'fhreastail ar an tsochraid. Do Chríona Ní Dhálaigh agus Aengus Ó Snodaigh TD, Sinn Féin, agus a chompánaigh eile sa ghluaiseacht Phoblachtánach. Do Cholm Mac Mathúna agus do Chaitlín McGrane as ucht a gcairdis foirfe agus dlúthchomhair le linn na tréimhse gruama seo. Do chomhghleachaithe nua Louise in Aonad na Gaeilge, sa Chomhairle Eorpach a chabhraigh go mór léi, agus atá anois mar chlann nua di sa Bheilg. Feargal's loved ones and immediate family, wish to express their heartfelt gratitude to the extended families, friends and neighbours for the sympathy and kindness shown to us throughout this time.Brón ar an mbás

Beach

Write a greeting

You can add a video, upload an image or light a candle.

Please enter a message

Insert a link from YouTube

You can go to a video on YouTube, copy the URL and paste it in the box below.

The video will be displayed on your comment, allowing others to play it.

Please insert a link from YouTube

FileName

Please upload an image
Select file from your computer or drag and drop it here.
The file size must not exceed 8 MB and must be one of the following formats: .jpg,.jpeg,.png,.gif
Please select a candle

Get notified

Enter your email below if you would like to be notified when a greeting is posted on this memorial page.

Image chosen by user
Emer Ní Ronáin (uí mhuirthile)


7yrs

Image chosen by user
Brón agus comhbhrón. Feargal? Is ar éigin a chreidim. Maith dom....Níor chuala go dtí anois...


7yrs

End of content

No more pages to load