DE BLÁCAM (NÉE NÍ CHONGHAILE), ÁINE
This was published in the following publications on 23.02.2026:
Irish Times
This was published in the following publications on 23.02.2026:
Irish Times
DE BLÁCAM (NÉE NÍ CHONGHAILE) -
ÁINE, Baile an Lisín, Inis Meáin, Árainn, Cuan na Gaillimhe, ar an 22ú Feabhra go suaimhneach in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh. Iníon le Peige Dara Pheigín agus Micí Ruairí (Inis Oírr). Imithe roimpi freisin tá a deartháir Micilín agus a deirfiúr Peige (Lally).
Croíbhriste ina diaidh tá a fear céile Tarlach agus a clann Ruairí, Eoin agus Liam, a gcéilí agus a bpáirtithe, Marie Thérèse, Suzanne agus Aisling.
Méala mór a bás dá deartháracha Dara agus Seáinín, dá deirfiúr Máirín agus dá garchlann Saileog, Ailbhe, Doireann, Lúc agus Aoileann, dá cleamhnaithe, nianna, neachtanna, gaolta agus dá comharsana agus dá cairde uilig.
Beidh sí á tórramh i dTeach Tórraimh Conneelys, Sráid Tobar an Iarla, Gaillimh Dé Máirt, 24ú Feabhra ó 2.00in go dtí 4.00in agus á tabhairt isteach go hInis Meáin ar bhád 6.00in as Ros a Mhíl go dtí a teach cónaithe i mBaile an Lisín, áit a mbeidh sí á tórramh ón 8.00in go dtí 10.00in.
Tabharfar a corp chuig Séipéal Mhuire gan Smál agus Eoin Baiste, Inis Meáin, le haghaidh Aifrinn 12.30in Dé Céadaoin an 25ú. Cuirfear sa Reilg Nua i ndiaidh an Aifrinn í.
I Líonta Dé go gCastar sinn
End of content
No more pages to load
Marian O'Donovan
4mos