Ní CHEALLAIGH O.P., An tSiúr Katie
This was published in the following publications on 29.06.2025:
Irish Times
This was published in the following publications on 29.06.2025:
Irish Times
Ní CHEALLAIGH O.P., An tSiúr Katie (Donatus), Clochar na nDoiminiceanach, An Bóthar Árd, Gaillimh, a bhásaigh go síochánta, faoi chúram ceanúil a siúracha agus an bhfoireann ar an 28ú lá de Mheitheamh, 2025. Imithe roimpí tá a tuismitheoirí, Joe agus Síle; a deartháireacha, John, Niall, Pádraig agus Seosamh; agus a deirfiúracha, Annie, Bríd, agus Sadhbha. Aireoidh a deirfiúracha dílse, Máire, Sorcha; agus fear céile Shorcha, Labhrás; go mór uathu í, chomh maith lena nianna, neachtanna, a gclann siúd, agus an chuid eile de’n chlann; a deirfiúracha Doiminiceanacha; a cúramóirí iontacha agus an fhoireann uilig san gclochar; a comhleacaithe oibre, na scoláirí a mhúin sí, agus a cairde dílse. Tá an tórramh i gClochar na nDoiminiceanach, Bóthar an Doiminicigh, Gaillimh, H91 Y1RT, Dé Luain, 30ú Meitheamh, ó 4.00pm go 6.00pm. Aifreann na sochraide ar siúl Dé Máirt, 1 Iúil, i Séipéal na nDoiminiceanach, An Cladach, Gaillimh ag 11.00am, agus adhlacadh i Reilig Ráthún, H91 XW62. Solas síoraí na bhFlaitheas dá hanam dílis.
End of content
No more pages to load